Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 147

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 147

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 147
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Aogán agus Seán Bóine”
  5. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Chuaidh Tomás Ruadh lá isteach go tig 'station'. Bhí an sagart paróiste at ithe a bhricfeasta ag ceann an bhúird sa chistin.

    Domhnall Ua Cúrnáin Málainn d’innis
    Chuaidh Tomás Ruadh lá isteach go tig ‘station.’ Bhí an sagart paróiste ag ithe a bhricfeasta ag ceann an bhúird sa chistin. Nuair a chuir Tomás a cheann sa dorus dubhairt an sagart “Cad é mar sórt duine thusa.” Duine ga ciall mé” arsa Tomás. An Sagart “Duine gan chiall a bhíonn indiaidh na cléire.
    T.R.
    Is duine gan chiall bheadh i ndiaidh na cléire
    A gearrann le na bhfiaclaibh biadh gach aoinne
    ‘S gur ró olc ná tíghsig ‘na dtighthe féin iad.
    D’iompuig Tomás chun imtheachta acht do ghlaoidh an sagart air. Itheadar le cois a chéile agus deineadar daoine mór muinnteardha as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Chas gaduidhe tráth le Padraig hussae go raibh sé giobalach, file bhí cois na Comarige theas mac úncail do Seán hussae a bheadh Pádraig.

    Chas gaduidhe tráth le Pádraig Hussae go raibh sé giobalach. File bhí cois na Comairge theas mac úncail do Seán Hussae a beadh Pádraig. Dúbhairt Pádraig:
    Asmhúcán gairid liom
    Balcaisí stracaidhthe
    Seochus léir sgrios Dairbhreach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.