Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 143
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Cailín a bhí ag bearradh uair.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Neidín atá láimh léi is baile breágh é
    Is caithfimíd lá agus oidhche ann
    Cuarduighid róimh aníos muinntir Bhroin Uí Bhriain ronntuighdh iad.
    Mar a mbíonn na seithí agus gar na mBeithidheach
    Do chaitheamh i líon thar téórainn.
    Mara bhfachtar é san áit sin cuirfeam in áirde
    I mbaile Caisleán Bhéara
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Beirt cailín go dtí an Sneem le stocaíbh - a ndíol ar an aonach.

    Seán Hussae nó Seán na Saoi do chum ó Chill a Guirtín do.
    Beirt cailín go dtí an Sneem le stocáibh – á ndíol ar an aonach. Casadh ceó orra sa chnoc. Dheineadar filleadh abhaile agus chinneadar ar gan a innsint do Seán a bhí mar dheadh ‘na chodhladh ar an raca rómpa. Seo mar adubhairt agus ar chlos an sgéal do.

    D’imthighear uainne féinig ar maidin indé go moch.
    Fé thuairim dul go dtí an t-aonach ‘s a stocaí ar a dtaobh acu
    Tháinig éclips éigin nó scamall ón spéir orra
    Sé an áit dár seoladh iad féinig chun Póna na Stéige soir
    Do shuidheadar annsan agus do dheineadar cómhairle agus do shileadar deóracha.
    Ag agairt ar Rí na Glóire a dtógfadh sé an ceó don chnoc
    Le h-eagla aon stróire bhuail umpa sa bhóthar dhéanfadh aon fhórsa ann
    Go dtí gur casadh chun tihe Sheáin na Móna iad mar a bhfuaireadar cóir agus cion.
    Seán na Saoi
    Seán Ruadh Ó Súilliobháin d’innis
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ruadh Ó Súilliobháin
    Inscne
    Fireann