Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 142
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Cailín a bhí ag bearradh uair.

    Seán Ruadh Ua Súilliobháin. Dromaireach
    Cailín a bhí ag bearradh uain. D’éirig sí chun an staimpí agus d’imthig uaithi an t-uan leath bhearradh. Chualaidh Seán an sgéal agus seo mar do chan.
    An t-uan úd Shiobháin is easnamh é san áit
    Is fiú é teacht tráth a éileamh
    Imthighidh chun siubhail is fillfidh é chughainn
    Beidh a Daidí dar liom a’ pléidhe léi
    Tá póna ins gach áit is a lomra mar phágh
    Táim se a rádh leó go maireann sé fós
    Agus cuarduig fé dhó na Comáin di
    Cois na dTúirín agus téighid go Dochoill soir
    Agus cois Comraig níor cuimhneabhair fós air
    Cuirfeam Séafradh agus Blackeen thar Bealach Oisín go Dóin soir
    Cuarduighidh an Gleann agus Ceapaigh lastall
    Agus a Capaill gan dabht bíonn caoirigh ann
    Fanfaidh go h-árd agus suas chun na béarnan
    Mar a bheidh radharc ar an dtráigh laistíos díobh
    Póna na Stéige is talmhan “Minnéir” é
    Agus cuarduig as son go Caedh na bhFaoiteach
    Beanntraighe Uí Shéaghdha gur fhághabhair bhúr ndéidh
    Bíonn mórán Jobbéir a díol ann
    Corcaigh cé gur mhór í caithfeam í chuardach
    Cé gur fairsing a cuairt san timcheall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ruadh Ua Súilliobháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Drom Oireach, Co. Chiarraí