Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 140
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Ghabh bean suibhail go doras tighe dhuine uasail tráth agus bhí beirt naoidneáin ar a drom aici.”
Seán Ruadh Ua Súilliobháin ’84 bl. Dromaireach d’innisGhabh bean siubhail go doras tighe dhuine uasail tráth agus bhí beirt naoindeáin ar a drom aici. “Cá bhfuairis iad san” ars an bean uasail go h-obann. “Ó Dhia na Glóire is ó mo fhear pósta” ars an bhean bhocht dá fhreagairt. Dubhairt an bhean uasail “Ní raibh cúpla ag aon bhean riamh acht go raibh beirt fhear ag déighleáil léi” agus b’éigean don mhnaoi imtheacht gan déirc. Tháinig léi féin beirt leanbh tamall na dhiaidh sin agus séard a rinne sí ná leanbh mic orra do chuir i gcróitín na muc acht thárla nár bhac na muica leis. Bhí sean lánamha gan ‘fhamily’ ag obair dóibh agus d’árduig an sean bhean léi an leanbh agus do hoil mar a leanbh féin é. Sula a tugadh air agus nuair d’fhás an fhear thárla lá gur chuaidh uain na sean-daoine thar teórainn i gcoirce an duine uasail. Coimeádfaí um an dtaca sin gach a théigheadh thar teórainn. Tháinig an duine uasal suas leis an leaid agus d’fhiafruig an leaid air an cheist a fhágaint fé mholadh. “Cad é an moladh dheunfá” ars an duine uasal. “Céad bearradh na n-uan do thabhairt duit se i n-éiric céad bearradh an choirce a bhaineadar. Cheistig an duine uasal na sean daoine i dtaobh an bhuachaill agus dhein amach gur leis féin é. Seo an moladh a dhein Sula "moladh gan cam gan claon.”- Faisnéiseoir
- Seán Ruadh Ua Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Drom Oireach, Co. Chiarraí