Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 137
- XML (gan teideal)
- XML “Aoir na bhFrancach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí geall idir filíbh fadó ciacu is fearr dheinfadh bhéarsa áiféis.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Is minic a chonnac sa dris gan deilgne
Mada ruadh gan cluas gan eirbeall
Teampall sa dhá cheann ag eitirig
Naosgach is naoi gclocha geir innti
‘S ní breugaidhe mé féin ná an té chreifidh me- Dómhnaill Ua Cúrnáin d’innis Aoir na bhFranncachTháinig file cúrsa chun tighe feirmeóra chun franncaig a dhíthuadh le “Aoir na bhFranncach” go mbáithfaidís iad féin. Bhí garsún ana fáideamhail sa tig is dubhairt an file (de mhuinntir Fághailbhe a beadh é). “A gharsúin ba chóir go bhfuil an oiread cab aighnis agat-sa is go ndítheofá na franncaig seo gan bheith ag cur fios orm-sa iad a bháthadh. Dúbhairt an garsún;
Go deimhin tóige is mir’ orm
Is baineann a lán fáin díom
Ach nílim mór na tuisganach
Mar file mhuinntir Fhághailbhe
Acht ó taoise críodna fuirighe
Is ó thánaís in ionad coinne leó
Feicimís i gcurraigh tú
In iomall sruth á mbáth’ iadD’imthigh an file ar an láthair sin mar (b-) is ar an ngarsún ba ghiorra mhoill iad do dhíthuadh.- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Málainn, Co. Chiarraí