Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 134
- XML “Tadhg na Striall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dómhnaill Ua Cúrnáin MálainnTadhg na (Stiall) Striall1780.
Tháinig Sasanach agus do chuir sé na daoine as a gcuid talmhan i lár paróiste na Priaireachta is thug sé na céadta ba leis ‘na ionad. Dhein sé “ranch” ceart don áit acht tháinig muinntir na paróiste go léir oidhche is mharbhuigheadar gach aon bhó riamh bhí ge Fuller an Sasanach is ní raibh crúb leis sa pharóiste maidin lar na mháireach. An ceann do bhí ar muinntir na Priaireachta ná Dómhnall Muiris Ó Connaill acht ó obair an oidhche sin do tugadh mar leas ainm air “Tadhg na Stiall” (fear mór troda le bataíbh droighne de breadh Tadhg). Deineadh bhéarsa ar Domhnall, pé sgéal é. Seo cuid de.A bhfeicfeadh sibh Tadhg na Striall
‘S é ag gabháilt tré Shliabh an Imlig
Níor mhó ge Fuller na dhiaidh
Ná seana bhean liath go mbeadh gunna aiciBuailig is leagaig is pleanncaig
Buailidh ‘dir Samhaisg is seana phoc
Buailig is leagaidh is leangaig
Ba bhoga ramhra an tSasannaig.- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Málainn, Co. Chiarraí