School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 133
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Baile i bhfad siar i bhfad siar...”
Dómhnaill Ua Cúrnáin Málainn“Baile ‘bhfad siar ‘bhfad siar
Baile ‘bhfad siar na Cúla
Baile bhfad siar ‘bhfad siar
Is tá baile níos sia siar na Súd ann.”
Tá go ceart a’s paróiste beag ar fad siar ó Bhealach na gCúl. Paróiste na Cille – Cill Imleach a tugtí uirri. Is fé chómairce Naomh Fhionán a bhí sí is bhíodh lá le Fionán (An 16ad Márta) ‘na lá saoire ann i gcómhnuidhe is i bparóiste na Dromada chómh maith. Ní bhí aon tsaoire sa Phriaireacht ach bhíodh is bíonn fós lá le Mhichíl. Bhí fear fadó sa taobh siar de Bhealach na gCúl is bhí formad aige le muinntir na Priaireachta toisg go mbídís ag obair lá le Fíonán is muinntir paróiste na Cille díomhaoin an lá san. Do chuimhnig sé a sheift go raghadh sé thar paróiste amach ag obair an lá sin díreach ar an dtaobh amuigh den teorainn ar an dtaobh shoir don bhealach ag baint aitinn. Do bhuail sé soir thar Bhealach ar maidin an lae sin le na ghrafán is níor fhan le h-Aifreann ná le h-órd. Réal sa ló a bhí mar phágh ag fir oibre an clair sin. Thosnuig sé ag baint aitinn. An chéad buile do bhuail sé ar thor aitinn chuir sé raol ag preabarnaig amach as. Do bhuail sé buile eile is bhí an sgéal céadna é. Comáin sé raol eile amach as. Bhuail é an tríomhadh buile is in ionad réal ná pingin bheith aige. Is amhlaidh bhuail sé flíp an chlár na lorgan aige féin is dhein sé spóitseach dá chois. Chuaidh abhaile. Thóg sé an leabaidh is má thóg ní raibh aon leigheas do is bhí lúid aige a chur don tsaoghal é thara fada.- Informant
- Dómhnall Ua Cúrnáin
- Gender
- Male
- Address
- Málainn, Co. Chiarraí