Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 132
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear lá ceóidh shuas ar mhullach Cnoc Málainn as chuadlaidh sé bean sidhe ag caoineadh Dhiarmuda mar a chualaidh mórán roimis sin í.”
Dómhnaill Ua Cúrnáin MálainnBhí fear le ceóidh shuas ar mhullach Cnoc Málainn as chuadlaidh sé bean sidhe ag caoineadh Dhiarmuda mar a chualaidh mórán roimis sin í. Deir siad gur mac di Diarmuid a fuaduigheadh is tar éis bháis don mháthair go mbíodh sí ag caoineadh an mhic ar fuaid na gcnoc. Deir a thuile gur dearbhráthair dí Diarmuid as gur chuadar araon amach Oidhche Nodlag bheag go bhfeicidís fíon á dheunamh don uisge is na fachtas iad araon ó shoin i leith. Pé sgéal é bhí sí ann an lá sa fadó is an fear ag éisteacht léi. Dúbhairt sí
“A Chúm a’ báis, a bhfeicfeá Diarmuid,
A Túirín na gCiaróg, A bhfeicfeá Diarmuid
A Chlochán Mhóir, A bhfeicfeá Diarmuid
A Túirín na Binne, a bhfeicfeá Diarmuid”
is mar sin di. Do cheitig sí gach aon áit timcheall is do fhreagair gach áit aca í i ndiaidh a chéile. “Ní fheaca.” Do chuaidh sé annsan thar mullach ó thuaidh annsan ag ceistiú gach aon áit is bhé an sgéal céadna é annsan go ndubhairt sí “A Thobair an Ghlóir a bhfeicfeá Diarmuid.” Do fhreagair Tobair an Ghlóir í, “Do chonnac,” Tá sé annso agus a cnámha scuidhthe.” Bhí an ceart ag Tobair an Ghlóir. Bhí Diarmuid marbh ann is gan ann ach an clíteach. Do ghoil sí a dá dóthain ós a chionn is níor chualaidh aoinne saoghalta riamh ó shoin í. Tá Tobar an Ghlóir i gcnoc Cheanna Buirn.- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Málainn, Co. Chiarraí