Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dómhnall Ua Curnáin, Málainn 48 bl. a athair 80 bl.Diarmuíd Ó Loíngsig a b’ainm do bhuachaill a liostáil 's do dhíol a mhuinntir giní as, is scaoileadh abhaile é acht an chéad lá eile bhí sé ar meisge liostáil sé arís is bhí sé tógtha anonn go Sasana nuair a fuair a muinntir amach cá raibh sé. Dhein a mháthair amhrán air.
Seo mar chuala é. Diarmuid na nae stig
A Dhiarmuid na nae stig is náir’ an sgéal liom
Mhar dheagais fé dhéin dul san arm cruaidh
Do mhuinntir aosta gan biadh gan éadach
Ag siubhal na h-Éireann go déanach duaircMar mbeadh iad a bheith chómh h-aosta
Is nár chruaidh Dia an Saoghal ort
Ní raghainn chómh geur chun tú a leagadh anuas
Mar do thugadar réim duit se biadh agus éadach
Cead sgríobhadh agus léighamh chun gur aois is suasSgaladh is díth ort nár thug dóibh moill bheag
Go gcuirfeá síos iad go cruinn fé’n bhfód
T’athair críodhna go buartha in a intinn
‘s gruaig a chinn leis á bhrígh do stróig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- Málainn, Co. Chiarraí