Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 112

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 112
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tráth eile bhí Eoghan ag suibhal bóthair agus do bhuail leis an sagart óg agus an sagart paróiste.

    Tráth eile bhí Eoghan ag siubhal bóthair agus do bhúail leis an Sagart óg agus an Sagart paróiste. Dubhairt an Sagart óg go gcuirfeadh sé ceist air. “Táim a rádh leat scaoileadh tart mar ní h-aon ana fhreagra geobhair,” arsa an Sagart eile. D’aimhdheóin san cuireadh an cheist seo air. “Cathain a thacfaidh cainnt don préachán san”
    Nuair a thacfaidh an míol bhuidhe ar an mbainnc
    A’s nuair a thacfaid an Frainnc go Sliabh Mis
    Nuair a chaillfidh na Sagairt an tsainnt
    Sin an uair a thacfaidh cainnt don fhiach dubh
    Uair amháin eile bhí stáisiúin i dtig agus na fir ann ag brúghadh ar a chéile ag iarraidh dul chun faoistine. Dúbhairt an Sagart le cuid aca imtheacht amach ar feadh tamaill. Bhí Eoghain ‘na measg. D’imthig gach aoinne isteach airís acht d’fhan sé siúd lasmuig gur chuaidh an Shagart ar a lorg. D’fhiafruig an Sagart de a mhíniú dho cúis a iomchur.
    Má tá t-Athair mar an Eaglais
    Níl brígh nár ghnó
    Trácht is ná fearra dúinn an t-Aifreann
    Ná suidhe ar an mhóin
    mar roimis
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Uí Dhálaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    84
    Seoladh
    Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí