School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 101
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Is buachaillín mise d'imthig go hóg le fréic

    1. Brighid Ní Dhalaig de mhuinntir Churráin
    2. Cúmastabhadh Achadh Tiobraid Cill Áirne
    3. 84 bliadhain Spúncán cois Cuirreáin
    4. ón a máthair
    Is buachaillín mise d’imthig go h-óg le fréic
    Ag mealladh mná deasa iseadh chaitheas dhá dtrian dom shaoghal
    Gan eagla an tSagairt an Easboig nó an Pápa féin
    Ach ag ól a’s ag imirt a’s ag clismirt le Báb na gCraobh
    Ní raibh aon bhean deas nár thug taitneamh dom ghnaoi is dom mhéin
    Mar ba mhinic sa tig tábhairne me ag freagairt is ag díol go daor,
    Is ó d’imthig an lasadh bhí an leacainn mar scáil na gcaor,
    Tá mo ghruaig dhubh ag glasadh mar eascaireann barr an fhéir
    Bhíos féin tamall as is mear do thabhairfinn léim
    Nó urchar maith caiste do chaitheamh le lúth mo ghéag
    I bpáirc na speile is blasta do ghearrfainn féar
    Is do threabhfainn le capall is ní cliste ná sínfhinn téip
    Ach anois ó táim caithte is mé im shean duine críodna liath
    Lem’ dhá maide croise is mé ag tarrac mo chos am dhiaidh
    Dá bhfuighinn cúpla gloine mar thaithigheas féin d’fhághailt riamh
    Is go deimhin tar éis a gcaithte go dtabharfainn duit cúrsa fiaidh.
    Seán Bruanach Ua Súilliobháin
    Cathair Saidhbhín
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Bruanach Ua Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
    Informant
    Brighid Ní Dhálaigh
    Gender
    Female
    Age
    84
    Address
    Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí