Arán
Ainm an Aithriseóra: Bean de Burca
A Seoladh: Drom, Gleann Beithe.
A Aois: 44 bl
Sé an saghas aráin a bhíodh aca san t-sean aimsir ná, arán buidhe, arán cruithneachan, arán min buidhe agus do dheinidís staimpí agus bocstaí leis.
Is annamh a dheinidis bocstaí agus staimpí anios ach arán plúr.
Do dheinidis an staimpí mar seo. Do geibhidís na prátaí agus do sgribidís iad agus do mheascaidís na prátaí, an sóid, an salann agus an t-uachtar le na céile, agus do cuiridis é ag bácáilt san ngreideall.
Sé an ngrideall ná píosa iarainn
(leanann ar an chéad leathanach eile)