Naomh Suitín
Ainm an Aithriseora: Bean M. de Búrca
A Seoladh: Drom, Gleann beithe
A Aois: 44 bl.
Tuiteann lá le Suitín ar an 15adh lá déag d’Iúl.
Má bhíonn an lá san fliuch beidh dachad lá fliuch againn agus má bhíonn an lá san breágh beidh dachad lá breágh againn.
Fuair Naomh Suitín bás ar an 15,adh lá de mí Iúl agus bhí sé curtha i reilig in-aice an séipéil agus bhí a corp ann ar feadh tamhaill agus tógadh a corp isteach san séipéal agus anois tá sé curtha san séipéal.
Bíonn prátaí fé ngach ngas an lá san agus bíonn na daoine ag baint an fhéir
(leanann ar an chéad leathanach eile)