Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gleann Beithe | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 463

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Dara. Inghean sclábhuidhe do b'eadh í. Fadó do dhein na sean daoine croiseanna le cipíní Lá le Brighidhe agus cuireadar ar na fallaí iad.
Teigheann na buachaillí agus na cailíní amach an lá roimh Lá le Brighidhe agus bíonn brideóg acu. Bíonn siad ag lorg airgid. Bíonn siad gléasta go deas le ribíní agus hataí. Bíonn aghaidhthe fidil orthu. Ansan bíonn rinnche acu i dtig éigin na comharsana agus bíonn féasta móra acu ann agus bíonn siad ag rinnche go dtí an maidin lár na mháireach.
Tuidteann Lá le Stiopáin ar an 26adh Lá Mí na Nodlag.
Teigheann na buachaillí agus na cailíní amach leis an dreoilín ar tor agus bíonn siad ag lorg pinginí agus ag rádh - Dreoilín a fuaras amuigh ar an Ínse
Fé bheul cairrge agus agus carbat síoda air.
Thugas seacht seactmhaine á tharrac go dtí an port.
Eirig a bhean a' tighe agus sin cughainn deoc.
Aon uair san allód bhí sean bó breóidhte agus dubhairt an Mhárta go marbóchadh sí

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Síle de Búrca
Inscne
baineann
Seoladh
An Drom, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Bean de Burca
Inscne
baineann
Aois
54
Seoladh
An Drom, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge