Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Lá Áirithe na Bliana

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 462

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Lá Áirighthe na Bliana

Ainm an Aithriseóra: Bean de Búrca.
A Seoladh: Drom, Gleann Beithe.
A Aois: 54 bl.
Tuiteann Féile Mhichíl ar an 29adh lá deug de Meadhon Foghmhair.
Ní bhíonn aon mhaith ar na sméartha dubha as san amacn mar loiteann na púcaí iad. Bíonn gé ag gach duine an lá san dá mbíonn siad acu.
Tugann na daoine gé dos na comharsanaibh nuair ná bíonn aon géana acu, agus fadó tugadh gach tionóntuidhe gé do'n tighearna talmhan mar féirín dá mbíodh sgata géana acu agus uaireanta bíodh seachtmhogha géana i gclós an tighearna talmhan.
Bíonn féasta mór aca agus cuiridís cuid des na géana go dtí a ngaolta i Sasana.
Bíonn an gé go so-bhlasta an t-am sa de'n bhlian agus Fógmhar na nGéana a tugtaí air go minic.
Tuiteann Lá le Brighide ar an ceud lá d'Feabhra.
Do cuir Naomh Brighid séipéil ar bun i gCill

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Síle de Búrca
Inscne
baineann
Seoladh
An Drom, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Bean de Burca
Inscne
baineann
Aois
54
Seoladh
An Drom, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge