Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Bia na Seanaimsire

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 460

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Biadh na Sean-aimsire

Ainm an Aithriseóra: Seán Uí Riordáin,
A Seoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
A Aois: 75 bl.
Biodh trí béilí ag na sean daoinibh sa ló agus d'idthidís prátaí i gcóir na trí béilí. Ní bhíodh aon nídh acu leó ach bainne agus gráinne salann.
Na buachaillí a bhíodh ag obair ag na feirimeóiribh thosnuighidís ag obair ar a sé a clog ar maidin agus ní faighidís aon breicfeast go dtí a naoi.
Tarrainghidís an bórd amach ó'n bhfalla i gcóir na mbéilí i lár an úrláir.
Deinidís arán buidhe le min buidhe agus bíodh sé sin 'san t-Samhradh acu nuair na bhíodh prátaí acu.
Deinidís cosamhail le arán bán é ach in-ead bainne géir do cur ins cuiridís uisge beirbhthe innte agus bácáilidís i ngriodal é.
Deinidís ceithre páirteanna de'n císte sar a gcuiridís san nrgriodal é.
Thóghaidís anuas é agus nuair a bhídís gá n-ithe thugaidís cearnóg do gach duine sa tig.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Ní Ríoghbhardáin
Inscne
baineann
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Riordáin
Inscne
fireann
Aois
75
Seoladh
An Curraichín, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge