Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Na Díshealbhuithe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 456

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Na Dith-Sealbhuighthe

Ainm an Aithriseóra: Bean de Búrcac.
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 53 bl.
Bhí tighearna talmhan i nGleann Beithe timcheall dachad bliian ó shoin . Wynn dob' ainm dó.
Bhí sé ana chruaid ar na tionóntaidhthibh.
Bhí an saoghal ana chruaidh agus níor bhféidir leo an cíos do dhíol.
Dubhradar le na chéile na díolfaidis aon chíos dó dí go leagfaí dóibh é.
Ní tabharfhadh sé aon leagadh dóibh. Tug an tighearna talmhan bailí agus sirraimh cun a n-ainmhidhthe do thógaint.
D'iompaig na daoine ortha le pící sluasaid rainn is clocaí.
Ní leogaidís na h-ainmhidhthe leo.
Nuair a chuaidh sin diobh do leagadar is do dhóigheadar na tighthe ortha.
Nuair a bhí na daoine gan tighthe ná áit chómhnuidhthe ní leógadh sé dóibh foithid a thógaint i n-aon áit.
Dein siad bearraic i gcóir saighdiúirí i gCúm a Sathairn go mbead sé (dóibh)

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Brighih de Bhúrcach
Inscne
baineann
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Bean de Burcac
Inscne
baineann
Aois
53
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge