Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Na Díshealbhuithe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 453

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Na Dithshealbhuighhe

Ainm an Aithriseóra: Bean Uí Gráda
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
A Aois: 82 bl.
Bí na Dith Sealbhuighthe in Gleann Beithe fadó in 1886 and 1887.
Is é an fáth go raibh na Dith Sealbhuighthe annso már ná raibh an chíos diolta ag na tíonontaidibh.
Do chuireadh na báillí agus na póilíní a lán dé na tionontaidhibh amach as na tighthibh féin i gcoinnibh an chíosa.
Bhí na tighthe go léir churtha tré théine.
Na daoine ná raibh aon tíg aca annsan do theigheadh a lán díobh isteach i bhpluais a bhí i gCum a Sathairn ins an sliabh.
Bhí ringéirí aca cun na tighthe do leagtha agus glaodtar briogáid na ringéirí ortha.
Ní raibh aon caoí ag na daoinibh chun an cíosa do dhíol agus cuaidh a lán díobh agus an sagart parróiste isdteach go dtí an t-Easbog agus fear eile i gCill Airne.
Dubhairt an fear go bhfaghfhadh siad luidheaghadh a cheithre fán gceud de'n chíosa.
Ach dubhairt an t-Easbog go ndiolfhadh siad blian don chíos aosta agus blian don chíos nua.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Eibhlín Ní Súilleabháin
Inscne
baineann
Seoladh
An Chora, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Bean Uí Gráda
Inscne
baineann
Aois
82
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge