Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Aontaí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 446

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Aontaighe.

Ainm an Aithriseóra: Bean Uí Riordáin,
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
A Aois: 50 bl.
Tá páirc i gCill na mBreac na nglaodhtar páirc an aonaig air.
Biodh aonach i nGleann Beithe timcheall dachad blian ó shoin insan bpáirc sin. Tagadh ceannuightheóirí ó Tráighlí, Cill Orlain agus Cathair Saidhbhín ann, ach cuireadh deire leis nuair deineadh an bóthar iarainn ó Cill Orglain go Cathair Saidhbhín.
Níor stad na ceannuightheóirí in Gleann in aon cor ansan.
Tógadh na beithidhig go Cill Orglain cun iad do dhíol.
Bíonn dhá aonach i gCill Orglain sa mí - aonac na muc agus aonac na stoc. Bíonn muca, céise, banbhaí agus cráin muice ghá ndíol agus ghá gceannach ar aonach na muc.
Bíonn ba bainne, ba seasga, blianaig, ceart-aos, gamhna agus caoire ar aonach na stoc.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Ní Ríordáin
Inscne
baineann
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Bean Uí Riordáín
Inscne
baineann
Aois
50
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge