Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Reilig

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 441

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An Reilig

Ainm an Aithriseóra: Miceál Ó Sioctháin.
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe
A Aois: 52 bl.
Tá dhá reilig i nGleann-Beithe ceann i mBaile-na-Cille, agus an Cillín i gCurra ann a cuireadh na leanbhaí gan baiste ac curthar a lán daoine ann anois.
Cuma cruinn atá ar an reilig i mBaile-na-Cílle. Tá fothrac innte agus cuireadh Protastúnaca ann fadó. Anois ba iad an clann is aosta atá ins an bparróiste sin a gcurtar insan fothrach so anois.
Tá sí le fánadh sa treó shoir theas.
Níl aon crann ag fás ins an reilig, ach tá crann amháin ag fás ins an Cillín.
Tá tuamba ins an reilig i mBaile-na-Cille ach ní curtar aoinne ann anois.
Tá a lán sean-croiseanna ann leis. Glaodhtar Casán na nCorp ar ceann aca.
Aon lá amháin bí fear agus sagart ag siubhal treasna na reilig i mBaile-na-Cille. Ba é an fear ná Eoghan Ruadh Ó Suilleabhain. Ní raibh aon falla mór timchealll na reilige agus bí cloigeanna annsa is annsúd

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Siobhán Ní Siochtháin
Inscne
baineann
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Miceal Ó Sioctháin
Inscne
fireann
Aois
52
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge