Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Reilig

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 438

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An Reiligh.

Ainm an Aithriseóra: Bean Uí Gráda
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
A Aois: 80 bl.
Tá trí reiligh ins an parróiste seo ceann í Curra agus i Baile na Cille agus i gComán.
Ar dtúis bé Protastúnaig a bhí curtha ins an reiligh i Curra agus anois cuireadh a lán daoine ann.
Tá cupla Protastunach curtha ann.
Tá cuma cearnógach ar gach reilig.
Tá fotharach ins an reiligh i mBaile na Cille. Bhí séipéal ann fadho tímcheall ceud blian ó shoin nó mar sin agus léígheadh an Aifreann ann in aimsear na bPéin Dlighthe ann.
Anois cuireadh a lán daoine ins an bhfotharach.
Ins an reiligh i Curra tá crannn ag fás os cionn uaigh agus gach blian bíonn blátha ag fás annsan.
Feuchann sé go deas nuair a bhíonn na blátha air.
Tá tor aithinn ag fás ann léis. Deirtí

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Brighidh Ní Súilleabháin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Bean Uí Gráda
Inscne
baineann
Aois
80
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge