Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 436

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 436

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 436
  3. XML “Díshealbhuithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Uaireanta theighidís isteach 'san dtig agus chuiridís amach iad.
    Ní leogfadh aon comharsa nó gaol isteach iad mar deineadh an rud ceudna dóibh dá dtug siad foithin dóibh.
    Bhí Seán Mac Suibhne agus a muirear 'na gcomhnaidhe i gCill na mBreac.
    Cuireadh amach as a gcuid talmhan iad. Dein sé cabán i dtalamh eile. Tháinig an tighearna talmhan aagus dubhairt sé go gcuirfeadh sé an fear ba leis an talmhan amach as a thalamh féin é dá fágfadh sé san áit é.
    Caith an duine amach é. Leag sé an tig, agus ní raibh aon áit aige cun dul ach fé an droichead ar an mbóthar Puiblí .
    Cuir sé maidí treasna fé an ndroichead agus bhí an t-uisge fé'n a bhun.
    Comhnuig sé ann ar feadh cúpla seactmhaine. Tháinig tuille mór oidhche amháin agus do bádhadh é nách mór. Caith sé áit d'fagaint ansan. Cuaidh sé go Dumhca. Fuair sé ineadh tighe ann agus is ann atá a mhuinntir 'na gcomhnaidhe anois.
    Do sheasaimh na daoine go léir i dteannta a céile agus ní díolaidís aon cíos inaoncor gan leagadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ríoghbhardáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Sean M. O Riordáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Curraichín, Co. Chiarraí