Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Díshealbhuithe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 435

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Dith-Sealbhughadh.

Ainm an Aithriseóra: Seán M. Ó Riordáin,
A Seoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
A Aois: 75 bl.
Ó'n mbliain 1880 go 1890 bhí na dith-sealbhugihthe in Gleann Beithe.
Cuireadh na dtighearnaí Gallda cíos árd ar na daoinibh. Ní díolaidís ach an leath de. Cuireadar amach as a dtalamhantaí agus a dtighthibh iad. Dhoghadar agus leagadar na tighthe agus dá bhfaighidís aon stoc ar an dtalamh thugaidís próces dóibh agus cuiridís pianáil ortha agus má ná dhíolaidís an pianáil cuiridís go priosún iad.
Do cuiridís a lán daoine as seilbh a dtalmhantaí. agus a dtighthe.
Muirear amháin do beadh muinntir Duigín ó Drom. Ní rabhadar abálta aon cíos do dhíol mar bhíodar bocht.
Cuireadh amach ar thaoibh an bhóthair iad agus an fearthainn ag tuitim na taoisgeannaibh ortha.
Bhí na báillí ag faire ortha agus piléirí i n-aoinfeacht leó i dtreó is ní rabhadar abálta dul isteach arís i gcóir na h-oidhche.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Ní Ríoghbhardáin
Inscne
baineann
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Sean M. O Riordáin
Inscne
fireann
Aois
75
Seoladh
An Curraichín, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge