Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Reilig

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 433

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An Reilig.

Ainm an Aithriseóra: Bean Uí Póil.
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 47 bl.
Tá dhá reilig i bparróiste Gleann Beithe.
Tá ceann acu suidhte i mBaile na Cille agus tá an ceann eile suidhte i gCurra.
Tá cuma cearnógach ar an gceann atá i gCurra agus tá an ceann imBaile na Cille cruinn.
Tá an reilig igCurra an-leilbhéalta.
Tá an reilig i mBaile Cille an-garbh agus tá a lán clocaí innte. Tá sí sa treó soir.
Níl aon crann nó tor ins an gceann i mBaile na Cille, ach tá cupla crann ins an reilig i gCurra.
Cuireadh leanbhaí gan baiste san gCillín agus sin an ceann atá i Curra, ach cuirtear daoine fásta i mBaile na Cille ach le deanaí chuirtear daoine fásta san gCillín.
Tá fotharach i reilig Baile na Cille agus tá a lán daoine curtha ann.
Tá tuambaí ann agus is le mhuinntir Ó Seaghdha é. Níor cuireadh aoinne ann le fhada.
Tá a lán sean-croiseanna innte agus

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Labhaoise Ní Phóil
Inscne
baineann
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Bean Uí Póil
Inscne
baineann
Aois
47
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge