Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ainmhithe na Feirme

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 414

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ainmhidhthe na Feirme

Ainm an Aithriseóra: Seán Ó Riordáin,
A Seoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
A Aois: 75 bl.
Bhíonn bó ar gach feirm. Is mó ainmhidhdte a tugtar ortha. 1. Ceainní, Druimfhionn, Báiní, Dearg, Maol agus Cuibí.
Gearrtar aiteann le grafán insan nGeimhreadh mar easair dóibh. Easair maith iseadh tuighe agus raitheanach leis.
Ceangaltar an bó ó'n dhá adhairc le téad, téagartha le stac insan gcró agus más bó maol í cuirtear an téad timcheall a mhuineál. Nuair a bhítear ag tiomáint na mbó deintear h-abha, h-abha.
Cuirtear buarach ar an dá cos deirig nuair a bhítear ag crú bó crosta agus greim sgaoilte a curtar air.
Cuirtear laincis ar bó a bhíonn ag dul ag dul ós cionn cladhthacha.
Glaodhtar crobhnasg ar an gceangal a curtar ar bó bradach le téad ó'n adharc go dtí an cos. Bhí daoine bochta na gcomhnaidhe i gCaladh an Uisge agus ní raibh braon bainne acu.
Connacadar bó i bpáirc agus bhí bainne aici

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Ní Ríoghbhardáin
Inscne
baineann
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán O Riordáin
Inscne
fireann
Aois
75
Seoladh
An Curraichín, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge