Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 409
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)laincis ortha.
Bíinn na ba ceangailte mor tímceall na h-adhairceanna lé téid nó le slabhraí, nuair a bíonn siad ins an gcró.
Nuair a bhíonn duine ag tiomáint na buaibh deireann siad, h-abha, h-abha.
Seo sean rádh mar geall ar bó.
Fear na bó féin fé na h-eirball.
Cuireann na daoine chrúd chapaill ar an ndoras chun ádh. Nuair a bhíonn bó breoidhthe chuireann siad marc na croise ar a dhrom.
Itheann na ba féir, agus coirce, agus ólann siad uisce.
Is úsáideach an t-ainmhidhe an chapall.
Istig ins an stábla a bhíonn sé.
Bíonn an chapall ag obair go díon ar feadh an lae, agus chuireann an feirmeóir easair chompórdach fé is t-oidhche. Bíonn sé deanta lé féir agus móin.
Bíonn máingéir istig i gách stabla agus is as san a itheann an chapaill chuid bidh. Itheann sé feur, choirce, agus manglaí.
Bíonn an chapall ceangailte le teud.
Bíonn a lán rás chapall i gCill-Orglan agus in Chathair-Saidhbhín. Do bhíodh ráiseanna capall annso fadó mór timcheall 30 blian ó shoin nó már sin.
Tá fear in a chómhnuidhe i Ducaí darab ainm(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Súilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chora, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Gráda
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí