Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ainmhithe na Feirme

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 408

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ainmhidhthe na Feirme

Ainm an Aithriseóra: Bean Uí Gráda.
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
A Aois: 80 bl.
Níl aon feirm againn sa bhaile ach tá feirm ag mo shean mháthair. Is iad so ainmneacha na ainmhidhthe atá aca san bhfeirm.
Tá seacht mba aca agus iad so na h-ainmneacha a thugtar uirthe ná, Dearg, Cúibí, Druimfhionn, Purty, Chiarraidhe, Dubhaí agus Maol.
Bíonn na ba istíg ins an ngeimhreadh agus bíonn siad amuigh ins an samhraidh.
Bíonn tig bó ag gach duine chun iad do chimeád istig.
A cró bó atá againn, tá díon iarainn air.
Chuireann siad fraoch, nó tuighe bán, no piosaí na dtor aitinn, mar easair fe'n buaibh.
Bíonn cuid de's na buaibh an-crosta nuair a bhíonn bean na tighe á gcrúdh iad agus chuireann siad búitreach ortha agus annsan ní féidir leo an buicéad bainne do leagtha.
Bíonn cuid de'n na buaibh ag bradach agus bíonn eagla mor ar na feirmeóirí go dtéigheadh siad isteach go dtí na barraí a bhíonn chun fáis aca agus mar gheall air sin chuireann siad

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Eibhlín Ní Súilleabháin
Inscne
baineann
Seoladh
An Chora, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Bean Uí Gráda
Inscne
baineann
Aois
80
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge