Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Daoine Cáiliúla

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 399

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Daoine Cáileamhla

Ainm an Aithriseóra: Seán Ó Riordáin,
A Seoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
A Aois: 75 bl.
Fear bocht do b'eadh Donncadh Ó Grádaigh, a bhí 'na cómhnaidhe i gCromán, Gleann Beithe.
Uair amháin do cuaidh sé a d'iarraidh mála mine ó'n Cróthanach i gCill Orglan. D'iarr an siopadóir de cá raibh an trucail cun go gcuirfeadh sé amach chuige é.
Dubhairt Donncadh go raibh trucail ag feitheamh leis míle ó'n sráid. Bhí fear eile istigh go nglaodhadar Miceál Mór air agus d'fhiafruig sé de a' dtabhairfidh sé an mála comh fada san siar ar a dhrom. Dubhairt Donncadh go dtabharfadh sé mála leis dá mbeadh sé aige.
Dubhairt Micheál Mór go dtugfadh sé mála mine gan seóda dó dá dtabharfadh sé dhá mhála ar a dhrom. Cuir sé téad timceall an dhá mhála agus thug sé siar é timcheall míle an bhóthair.
D'imthig an siopadóir agus fear ag feucaint a dtabharfadh sé an mála leis, ach do thug gan dabht ar domhan agus áthas air.
Uair eile bhí sé ag obair ag feirmeóir in Oileán Ciarraighe. Bhí geosadán i lár páirce an

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Ní Ríoghbhardáin
Inscne
baineann
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Riordáin
Inscne
fireann
Aois
75
Seoladh
An Curraichín, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge