Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéalta Grinn

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 376

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sgéulta Grinn.

Ainm an Aithriseóra: Partalán Ó Séaghdha,
A Seoladh: Drom, Gleann Beithe.
A Aois: 64 bl.
Bí buachaill i mbaile Mhuirne úair agus chuaidh sé siar go Ciarraighe i n-aimsir. Tar éis tamaill thiar dó, do dhein sé cleamhnas le cailín ó'n áit thiar.
B'éigean dó teacht go Bhaile Mhuirne cun páipéir d'fághail.
Ní raibh an sagart istig róimis ach bhí fear mhaith ann - bhí fear i Eogán Ruadh ann.
"Cad tá uait" arsa Eogán.
D'innis an buachaill an sgéul dó.
"Tabharfadh páipéir duit" arsa Eogán "mar bím annso chun rudaí mar sin do déanamh nuair a bhí sé féin amuigh."
Mar seo do sgríobh Eogán.
"Is fada dhó thiar in-iarthar Éireann,
An camallach ciar gan éifeacht
Gairimín chughat siar is beidh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máiréad Ní Shéaghdha
Inscne
baineann
Seoladh
An Drom, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Partlán Ó Séaghdha
Inscne
fireann
Aois
64
Seoladh
An Drom, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge