Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 372

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 372

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 372
  3. XML “Tobar Sheanáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go dtí an tobar cun uisge d'faghail agus do dhein sé teine agus croch sé an corcán ós cionn na teine cun é do bheirbhiú inaoncor. Nuair a thóg sé an clúdach as an gcorcán. Cad a bhí ann ach iasc mór. Do rith sé go dtí an tobar agus chaith sé an t-uisge agus an t-iasc isteach ann agus tá an t-iasc ann fós. Nuair a bhíonn daoine breóidhte teigheann siad go dtí an tobar cun iad féin do leisiughadh agus nuair a chionn siad an t-iasc san bíonn feabhas ortha arís.
    Gach duine a teigheann ann cuireann siad rud ann, píosa éadaigh nó pingin, nó aon rud eile.
    Tá casán beag ag dul go dtí an tobar. Aon lá amháin chuaidh buachaill a bhí in a gcomhnaidhe annso go dtí an tobar mar do bhí sé balbh, do tháinig an t-iasc ar bárr an uisge. Do leag an buachaill scread as. Ó Dhia ar sise do connaich mé an an t-iasc. As san amach bhí an caint go slán aige.
    Tá tobair beannuighthe in-aice Traighlí-Tobar na Molt.
    I gCill-Áirne tá tobar Áine. I mBaile an Scealg tá tobar Mhichil. I gCathair Dómhnaill tá tobar Crótháin.
    Eibhlín Ní Shúilleabháin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Gráda
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí