Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cistí Óir i bhFolach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 369

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Cistí Óir i bFolach

Ainm an Aithriseóra: Eibhlín bean Uí Póil.
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 50 bl.
Deirtear go bfuil óir agus airgead annso agus annsúd i nGleann-Beithe.
Dála na sean daoine tá páirc in ár bhfeirm agus seo é an sgéul i dtaobh an chiste óir agus airgead atá ann. Aon oidhche amháin bhí aislíng ag mo shean-athair go raibh ciste óir i bhfolach i bpáirc a'choill agus bhí an aisling céadhna aige ar feadh trí oidhche.
Annsan d'eirig sé go moch ar maidin an triomhad laé agus chuaidh sé go dtí an áit agus bhí sé ag rómhar na talmhan le rámhan agus sluasad agus tháinig sé go dtí cloch mhór agus bhí an t-ór fé an gcloich san, dar leis an aisling.
Ach ar an nóimeat san thosnuig teintreach agus tóirneach agus do rith an fear abhaile agis níor chuaidh sé go dtí an áit arís. Deireann na daoine go bfeaca s é sprid. Ór a bhí san áit sin.
Tá ciste óir i bhfolach i gCúm a'Sathairn leis. Bhí fear ag déanamh tighe blianta ó shoin

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Labhaoise Ní Póil
Inscne
baineann
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Eibhlín Bean Uí Póil
Inscne
baineann
Aois
50
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge