Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéalta Grinn

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 359

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sgeul Grinn

Ainm an Aithriseóra: Máire bean Uí Riordáin
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann-beithe.
A Aois: 50 bl.
Seo sgeul a h-innseadh i bhfad ó shoin.
Cuaidh fear ó Gleann Beithe ag marcuigheacht ar chapall iallaite go Béarna Gaoithe - chnoc mór árd idir Gleann Beithe agus Gleann Cárthaig. Bhí sé an-déanach san oidhche, tuairim a h-aon nó a dó a clog.
Bhí an fear ag deunamh suas ar barra na Bearnan nuair do stad an capall agus do chlois sé an ceól ba bhinne dá gcloiseadh riamh. Cuaidh sé ar a thuras. Ar filleadh thar n-ais do chonnaic sé an domhan de dhaoinibh, idir fheara agus mná i bhfuirm comhtalan rínnce. Stad an capall agus do bheannuig an fear, ach níor beannuigheadar dó.
Taréis cúpal nóimeat do stadadar an rinnche. Bhí bean i n-aice leis agus d'fiafruig sé di cad a bhí á sheinnt acu. D'freagair sí - "An gaoth a corruigheann an eórna." Thug sé triall dul anáirde ar a chapall, is do fuair sé pian in gceann den a mhéireannaibh. Dein sé a dhicheall dul suas ar an gcapall ach níor b'féidir leis.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Ní Ríoghbhardáin
Inscne
baineann
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Máire Bean Uí Riordáin
Inscne
baineann
Aois
50
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge