Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéalta Grinn

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 357

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sgeulta Grinn

Ainm an Aithriseóra: Máire bean Uí Shíochtháin
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 50 bl.
Aon uair amháin tháinig fear ó Sasana cun a laetheanta Saoire do caitheamh i nGleann-Beithe, Fear foghlaéracta a b'eadh é.
Gach lá théigheadh sé amach leis an ngunna agus leis an madra. An lá seo d'imthig sé go Gleann-Cárthaig.
Ar an tráthnóna sar a dtháinig sé abhaile chuaidh sé isteach go h-Inse-Ruadh chun an sgríbhinn a bhí ar na gallánaibh a bhí ós chionn na ndaoine marbh do léigheamh.
Do bhí cloigeann anáirde ar chloic istig ann. Bhí cloch mhór ann agus ceithre clocaí beaga anáirde uirthí. Tog sé an cloigeann na láimh.
Nuair a bhí sé ag imteacht dhein sé dearmhad ar é do cur suas arís agus d'fhág sé an cloigeann ar an dtalamh. Tháinig sé abhaile agus

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Eibhlín Ní Shíoctháin
Inscne
baineann
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Máire Bean Uí Shíoctháin
Inscne
baineann
Aois
50
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge