Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gleann Beithe | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 344

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

curtar ath cré suas leis an gcéacda 'na dhiaidh sin agus nuair a feóchainn na gaise i n-ineadh do bhaint le rámhan osgailtear na driollaí leis an gcéacda. Deintear an talamh d'fuirseadh ansan agus piochtar an prátaí.
Nóra Ní Ríoghbhardáin.
Cill na mBreac,
Gleann Beithe.

Ainm an aithriseóra: Eibhlín bean Uí Póil.
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 50 bl.

Tómhaiseanna
Tá bó ag siubhal na trágha gan cnámh ná corp.
Tonn
Do chuas suas an bóthar,
Do thánas anuas an bóthar
Do chuireas an bóthar ar mo dhrom.
Dréimre
Connaich beirt é, tóg cuigear é,
Cogain dáréag é agus leig éinne amháin síar é.
Ubhall
Labhaoise Ní Póil
Baile na Cille,
Gleann Beithe.

Bailitheoir
Labhaoise Ní Póil
Inscne
baineann
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Eibhlín Bean Uí Póil
Inscne
baineann
Aois
50
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge