Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 339

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 339

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 339
  3. XML “Na Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Prátaí
    Ainm an aithriseóra: Máire bean Uí Riordáin.
    A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
    A Aois: 50 bl.
    Bé an práta an biadh ba thábhachtaighe a bhiodh ag na h-Éireannaig san tsean aimsir. I mbliain 1845 tháinig an meath ar na prátaíbh agus do lobh siad go léir 'san dtalamh agus bhí ocras ar na daoinibh. Biodh prátaí ag na sean daoinibh trí uair sa ló, ag an mbreicfeast, ag an ndinnéar, agus ag an suipéir.
    Nuair a bhíodh na prátaí úsaidhthe acu, 'san Samhradh ithidís arán buidhe gan aon plúr tríd an mhin agus ólaidís bainne géar.
    Do théigheadh spailpíní ó Gleann Beithe go margadh na saoire insan Earrach cun go h-írealach feirmeóirí iad cun na bprátaí do cur.
    Biodh páircheanna móra prátaí le cur acu, agus d'oibróidís, na spailpíní go dian agus tuillidís an t-airgead gan dabht.
    Do theigheadh spailpíní ó'n áit seo go Tráighlí, Oileán Ciarraidhe, thios go Luimneach, agus go bailtibh eile.
    Insan bhFóghmhair do théigheadh na mná ghá bpriocadh go bailtibh eile agus tuillidís a sé nó a seacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ríoghbhardáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Riordáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí