Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 336
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nó cunlach, nó slánlus air cun na fola do stopadh. Leigheas an t-eidhneán cun tinnis cinn. Ar dtúis cuir duilleóga eidhneán isteach i gcorcán cun iadh do bheirbhiú. Annsan nuair a bhíonn síad beirbhthe choimeád an t-uisge agus caith amach an t-eidhneán agus annsan chuir píosa éadaig báin (is) ins an uisge ar feadh cupla nóimeat, annsan ceangal é mór timcheall an éadain é cun tinnis cinn.
Leigheas maith iseadh an slánlus leis chun an dathaigh. Ar dtúis geárr an slánlus agus cuir cun beirbhthe é agus nuair a bhíonn beirbhthe sé caith amach an t-uisge a bhí air. Annsan nuair a bhíonn sé beirbhthe sgag é agus cuir uisge-beatha air mar tá sé ró searbh cun óil.
An Gáirleóg. Nightear ar dtúis é agus cuirtear síos i mbainne in aice na teine cun é do bheirbhiú. Nuair a bhíonn sé beirbthe tógtar suas an gháirleóg agus óltar an bainne. Chuirtear siúcra innte. Leigheas ann-mhaith don slaghdáin iseadh í.
An Neanntóg. Ar dtúis priochtar na neanntóga agus nigh iad, cuirtear isteach i gcorcán cun iad do beirbhiú. Annsan nuair a bhíonn síad beirbhthe sgagtar iad agus caithtear amach an t-uisge, annsan cuirtear salann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Labhaoise Ní Phóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Póil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí