Leigheasanna
Ainm an aithriseora: Muiris de Burca.
A Seoladh: Drom, Gleann Beithe.
A Aois, 52 bl.
Tá a lán leigheas ag na sean-daoinibh sa pharróiste seo agus iadh sa leanas cuid díobh.
Leigheas an-mhaith iseadh an carraigín cun slaghdáin. Ar dtúis prioch an carraigín agis cuir ar bogadh saan uisge é agus annsan chuir isteach i gcorcán chun é do beirbhiú. Annsan nuair a bhíonn sé beirbhthe sgág é amach i mbáisín, annsan cuir
siucra donn agus súghlach limóide innte, agus annsan ól é.
Tá leigheas in seamróig leis cun casachtaighe. Téir amach i bpáirc agus pioc an t-seamróg, agus geárr an fraoch de annsan cuir isteach i mbáisín uisge é agus chuir ag beirbhiú í ins an uisge sin. Annsan nuair a bhíonn sí beirbhthe sgág é agus cuir siúcra donn agus síol lín agus risíní ann agus annsan ól an t-uisge.
Nuair a bhíonn dealg id láimh nó id cois cuir sughlach na cupóige air cun é do leigheas. Má gearann tú do mhéar nó do cos cuir gréasán
(leanann ar an chéad leathanach eile)