Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gleann Beithe | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 333

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

agus chuirtear isteach i sáspan bainne é agus chuirtear in-aice na teine chun é do beirbhiú.
Nuair a bhíonn sí beirbhthe deintear é sgagad agus óltar an bainne.
An t-eidhneán. Deintear úsáid de'n eidneán chun tinnis cinn agus fadharcán. An gréasán cun gearrtha. Faightear an gréasán agus chuirtear ar an ngeárr é agus stadann an gréasán an fuil. Deintear an rud céadhna le slánlus.
An cupóg cun cloganna na neanntóga do leigheasiú - súghlach na cupóige a fásgtar ar an gcloig.
An nóinín cun tinnis cluaise. Chuirtear an nóinín isteach san gcluais agus leigheasann sé é.
An neantóg chun dathaig. Chuirtear an neantóg ar an áit a mbíonn an dathach agus chuireann an neanntóg cloganna ann agus leigheasann sé an dathach.
An caisearbhán. Ar dtúis pioctar an caisearbhán agus nightear é agus chuirtear ar bogadh san uisge fuar é agus annsan chuirtear in-aice na teine é agus nuair a bhíonn sé beirbhthe tógtar amach as an sáspan é agus chuirtear isteach i mbuidéal é

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Síle A. de Búrca
Inscne
baineann
Seoladh
An Drom, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Muiris de Burca
Inscne
fireann
Aois
52
Seoladh
An Drom, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge