Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gleann Beithe | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 331

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Rinnceann an captaon leis an gcailín óg. Ansan téigheann siad abhaile arís. Deireann na sean daoine. "Pós bean an tsléibhe agus beidh an sliabh go léir agat."

Nóra Ní Ríogbhardáin.
Cill na mBreac,
Gleann Beithe.

Tómhaiseanna

Trí cosa ináirde agus dhá cois ar an dtalamh.
Ceann an duine beó i mbéal an duine mharbh:
Corcán ar ceann duine.
Dá cois fada agus ceann gan anam.
An tSlúgh
Do cuadhas isteach i ngort.
Bí tig insan ngort.
Bí cómhra sa tig.
Bí cupán insan cómra.
Bí deoch insan gcupán
Go gcaithfeadh gach aoinne a tógaint. Cad?
An Bás.
Ainm an aithriseóra: Mícheál Ó Síoctháin.
A Seoladh: Baile na Cille,Gleann Beithe.
A aois: 64 bl.
Siobhán Ní Síochtháin,
Baile na Cille,
Gleann Beithe.

Bailitheoir
Siobhán Ní Shíochtháin
Inscne
baineann
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Miceal Ó Síoctháin
Inscne
fireann
Aois
64
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge