Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 326

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 326

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 326
  3. XML “Comharthaí Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    breágh againn.
    Má bhíonn sgatha druid beidh le na chéile beidh aimsear olc chúghainn.
    Nuair a bhíonn tonntaca na fairrghe go dubh gorm beidh aimsear stoirmeach againn. Tá Tonn Tóime í Rós Beithe agus nuair a clóiseann na daoine é deireann siad go mbeidh aimsear olc againn.
    Seo comhartha éile nuair a téigheann na caoire agus na bá go dtí na claidhe chun fothana d'fághail beidh stoirm againn.
    Nuair a bhíonn na bá ag coghaint a gcireach ar feadh an laé beidh aimsear breágh againn.
    Má fhanann an cat in aice an theine beidh aimsear fuar againn.
    Má bhíonn súgha ag tuitim anuas an siminé beidh aimsear fearthanach againn.
    Cómhartha maith is eadh an ceó. Nuair a bhíonn an ceó ag teacht anuas an chnoic beidh aimsear breágh againn agus nuair a bhíonn ceó tromh dubh ann san ngeimhreadh beidh aimhsear fliuch againn.
    Nuair fheuchann na sléibhte i bhfadh uainn sin deagh cómhartha na h-aimsire agus nuair feuchann na sléibhte ana cómhngarach dúinn sin droc cómhartha na h-aimsire.
    Nuair a bhíonn loinnir ar na charraigheacaibh beidh fearthainn aghainn i gceann cuplá lá.
    Cómhartha maith iseadh an abha mar nuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighidh Ní Súilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chora, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Gráda
    Inscne
    Baineann
    Aois
    81
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí