Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gleann Beithe | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 324

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Chaithidís cístí aráin leis an ndorus cun an ocrais do coimead amach.
Biodh teinte móra acu Oidhche Nodlag. Cuiridís smutáin innte.
Maisiúaidís na tighthe le h-eidhneán agus cuillean ceangailte ar a céile le córdaí go dtí go mbiodh slabhraí déanta acu.
Thagadh na spailpíní go léir abhaile cun na Nodlag do caitheamh sa bhaile imeasg a gclann féinig.

Nóra Ní Rioghbhardáin,.
Cill na mBreac,
Gleann Beithe.

Tómhaiseanna

Cím cúgham anoir anall,
Inghean an Rí go trim teann,
Fáinne óir ar bhárr a baise,
Sa cúl a coise trí na ceann,
Axe.
Capáll donn i lár na h-abhann,
Agus ní fhéadfadh aoinne dul na drom.
Eascú.
Tabairíin fior-uisge ar fior bárr na t-sleibhe,
Fuinneóigín gloine agus doraisín cré,
An t-súil
Ainm an aithriseóra: Donncadh O'Síoctháin.
A Seoladh: Cill na mBreac,
Máire Ní Síochtháin,
Cill na mBreac,
Gleann Beithe.

Bailitheoir
Máire Ní Síochtháin
Inscne
baineann
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Donncadh Ó Síoctháin
Inscne
fireann
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge