Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 323
  3. XML “Nósa na Nollag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nósa na Nodlag
    Ainm an aithriseóra: Máire Bean Uí Riordáin.
    A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
    A Aois: 50 bl.
    Bhí a lán nós ag baint le féasta na Nodlag fadó. Do théigheadh na fir timcheall ó thig go tig ag lorg airgid agus dreoilín ar thor acu. Cúpla lá 'na dhiaidh san biodh greann agus rinnche i dtig éigin na gcomhursan.
    Oidhche Coille d'fanaidís na suidhe go meadhon oidhche ag faire treó na gaoithe, feucaint an mbeadh buadh ag na Caitliocaibh.
    D'fanaidís na suidhe Oidhche Nodlag Beag cun go bhfeicidís an t-uisge iompuighthe i bhfíon.
    Oidhche Nodlag d'fágaidís coinneal mór ar lasadh i lár an úrláir go dtí an maidean lár na mháireach. Dheinidís coinnle cúpla lá roimh an Nodlaig agus bhuanaidís ar feadh an dhá lá deug. Bhiodh coinneal acu agus trí buaicis tríd. Choimeadaidís ar lasadh é ar feadh na h-oidhche ar fad. Lasadh an duine do'b óige sa tig an choinneal.
    Dheinidís cístí aráin roimh Oidhche Cinn Bliana agus chuiridís ar na fuinneógaibh iad cun an ocrais do coimead ó'n dtig ar feadh na haith bhliana.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Nollaig (~455)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ríoghbhardáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Riordáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí