Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gleann Beithe | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 322

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Do dheinidís slamaí ar dtúis d'en olann cárduigidís tar nais é i slámaí beaga. Shníomhaidís annsan é thocaruighidís annsan i gceirtlíní móra chuiridís ar an bhfalla annsan é ar cipínibh. Chuiridís cun an fhigheadeóra annsan é cun plaínín do dhéanamh. Do dheinidís téada súgáin as fionnáin le crúacáin

Brighid de Bhúrcach,
Baile na Cille,
Gleann-beithe.

Bailitheoir
Brighidh de Bhúrcach
Inscne
baineann
Seoladh
Baile na Cille Íochtarach, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Bean de Burcac
Inscne
baineann
Aois
53
Seoladh
Baile na Cille Íochtarach, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge

Tómhaiseanna

Ainm an aithriseóra: Muiris de Búrca.
A Seoladh: Drom, Gleann Beithe.
A Aois: 52 bl.
Cad is caime ná an abha
Snáithe Stoca.
Cad is domhne ná an fairrge.
Méaracán táilliúra.
Bean fada gléigeal agus cros dá taobh féin uirthe.
Punann cruithneactan.
Bíonn sé thoir is bhionn sé thiar.
'S bíonn sé na phóca ag na mná liath.
Snaois
Síle A. de Búrca,
Drom,
Gleann Beithe