Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gleann Beithe | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 320

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Fuaradar trí pingine an ceann ortha. Dein a lán spré uatha.
Díon tuighe a bhiodh ar an tighthibh go léir fadó. Chuadar cun oileain Gleanna Beithe cun an tuighe bán do ghearradh.
Cuireadar suas i gcúrsaíbh é. Níor thógadar shíos an sean tuighe a bhí ar an dtig.
Cheangluigheadar le sáiteánaibh é in a bárr, agus in a bun ceangluigheadar le píosaí slataí agus scolba é.

Nóra Ní Rioghbhardáin,.
Cill na mBreac,
Gleann Beithe.

Tomhaiseanna.

Ainm an aithriseora: Bean Uí Riordáin.
A sheoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
A aois: 50 bl.
Tháinig sé isteach ar guailnibh daoine
Cuaidh sé amach mar snáithín síoda.
Móin
Bairlín ar an dtráig agus dhá thaobh dúnta.
Ubh
Firín beag dubh thar cnoc anoir
Ag innsint a sgéil gan féith gan fuil.
Leitir
Nóra Ní Rioghbhardáin,.
Cill na mBreac,
Gleann Beithe.

Bailitheoir
Nora Ní Ríoghbhardáin
Inscne
baineann
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Bean Uí Riordáin
Inscne
baineann
Aois
50
Seoladh
Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge