Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cistí Óir i bhFolach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bean de Burcach.
Baile na Cille,
Gleann Beithe
A Aois 53 bl.

Cistí Óir i bFolach
Baile na Cille uachtarach ainm na h-áite na bhfuil an t-ór i bhfolach.
Bhí fear ann fadó d'ar b'ainm Seán Mhac Suibhne. Bhí corcán óir aige.
Nuair a bhí sé críona do thuit breóiteacht air.
Bhí eolas aige go raibh sé ag fáil bháis.
Bhí a bhean chéile agus a mhach sa tigh leis.
Do chuadar go dtí an sráid lá.
Faid a bhíodar amuigh d'eirigh sé amach as a leabhaidh agus chuir sé an corcán i bhfolach i gclochán Michíl Uí Fhoghladha.
Fuair sé bás agus ní raibh aon t-éolas ag a mhach cá raibh an t-ór.
Timcheall fiche blian ó shoin bhó taidhbhreamh ag fear san mbaile fearainn seo go raibh an corcán sa gclochán. Chuaidh sé féin agus beirt fear eile cun an corcáin d'fhághail.
Do bhíodar ag réabhadh an chlocháin. Tháinig eagla ortha agus chuadar abhaile agus fuair an triúr fanntais agus níor chuadar fé na dhéin o shoin. Do chuir rud éigin sgannradh mór ortha - gleó éigin a chualadar agus níor chuaidh einne á lorg ó shoin ac deireann mo mháthair go bhfuil an corcán óir ann mar chuala sí é ó na sean daoinibh.
Brighidh de Búrcach
Baile na Cille.
Bean de Búrcach
Gleann-beithe
Aois 53 bl.

Bailitheoir
Brighidh de Bhúrcach
Inscne
baineann
Seoladh
Baile na Cille, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Bean de Bhúrcach
Inscne
baineann
Aois
53
Seoladh
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge