Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mo Cheantar Féin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 309

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Mo Cheanntar Féin

Tá mé im' chomhnuidhe i nDrom i bparróiste Gleanna-beithe i mbarúnacht Uibh Ráthach.
Glaodhtar Drom air mar tá sé i gcúl an pharróiste.
Tá cúig tighthe is fiche ann anois agus fadó do bhí tíg is fiche.
Tá chúig tighthe agus cinn slínne ortha agus naoi gcínn agus iarann ortha agus ocht gcinn agus ceann tuighe ortha.
Geibheann na daoine an tuighe i Ros-beithe ar na dúcaibh.
Baintear é le speil agus nuair a bhíonn sé bainte tugtar abhaile é le capall is cárr cun é chur ar an dthig.
Tá seisear sean-daoine ós cionn seactmhótha blian agus níl aoinne ós cionn ochtmhógha.
Tá Gaedhilge aca go léir agus is féidir le beirt scéulta d'innsint.
Tá aon fhothrach amháin ann aagus Mícheál Ó Cobhthag do bhí 'na chomhnuidhe ann.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máiréad Ní Shéaghdha
Inscne
baineann
Seoladh
An Drom, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Partalán Ó Shéaghdha
Inscne
fireann
Aois
64
Seoladh
An Drom, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge
Suíomh
An Drom