Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 108

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 108

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
  2. XML Leathanach 108
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sí chun na trágha. Chonnaic an fear ag imtheacht í, fuair sé a chapall agus lean sé go dtí an fhairrge í ach do bádhadh an capall. Seán Ó Sé an ainm a bhí ar an bhfear. Deirtear go bhfuil an bhean-mara ins an bhfarraige fós agus go mbíonn sí le feisgint roimh eirghe gréine lá Bealthaine. Dinnis mo athair Pártalán Mac Suibhne ó Baile na Cille an sgéul so dom.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéul
    Bailighthe ag Seán Mac Suibhne Baile na Cille.
    Bhí beirt dhrifiúr in a gcómhnuidhe i nGleann Beithe fadó. Do théigheadh duine aca mor-thímpal na tíre ag bailiúghadh déirce agus nuair a thagadh sí abhaile do théigheadh an duine eile ag bhailiúghadh agus is mar sin a bheathaidh siad iad féin. Uair amháin chuaidh duine aca ag bhailiúghadh agus chaith sí tamall abhfad ó bhaile agus fuair an duine eile breóite an fhaid a bhí sí imighthe agus bhí sí go h-olc. Thagadh na cómharsana chun an tighe an fhaid a bhí sí breóite agus thugaidís aire dhi. Tar-éis tamaill mhóir fuair sí bás. Nuair a bhí sí ag dul chun bháis dubhairt sí leis na daoine a fó-ghúna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.