Scoil: Curraichín (B.) (uimhir rolla 15978)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Scothlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (B.)
- XML Leathanach 405
- XML “Cathair Tonn Tóime”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aon neart aige níos aoirde. Lean sise an brat agus lean sí go dtí an tig é, agus d'fhan sí seacht mblianta na theannta. Chuir sé an brat i bhfolach ar lochta éigin a bhí sa tig aige. Pósadh iad agus bhí triúr clainne aca. Níor gháir sí ar feadh na seacht mblian ach trí uair. An ceud uair bhí sí ag feachaint ar dhuine éigin ad' iarraidh cat a chur isteach san teine. Lá ar na bháireach bhí sí ag cuimhneamh ar an gcur an aghaidh a dhein an cat. Gháir sí arís agus dubhairt sí "a chait úd aréir, ní fhéadaim ach cuimhneamh ort."
Gháir sí an tríomhadh uair nuair chonnaic sí an brat arís. Lá éigin chuaidh sé ar an lochta á' stábháill. Chaith sé a raibh amach ar an úrlár ach níor chuimhnig sé ar an mbrat.
Chonnaic sise an brat. Phreab sí chuige agus do rug sí léi an doras amach é. Ar a h-imtheacht uaidh d'iompuig sí ag an ndoras air agus dubhairt sí leis:
"Gan leas-máthair a chur ar a chlainn
is iad a bheith síor-ghlan
is gan clúdach na hoidhche do mharbhughadh ortha."
D'imthigh sí annsan agus ní(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig de Róiste
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Bailitheoir
- Seán Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Gleann Chárthaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig de Róiste
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí