Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a raibh ó'n ndiallait siar de'n chapall léi. Do leag sé é féin amach ar mhuinéal an chapaill tosaig amach ar an bpáirc.
Thuit an tonn siar annsan. Ní raibh aon neart aige eirighe níos aoirde. Lean sise an brat agus lean sí go dtí an tig é, agus d'fhan sí seacht mblianta 'na theannta. Chuir sé an brat i bhfolach ar lochta éigin a bhí sa tig aige. Pósadh iad agus bhí trúir clainne aca.
Níor gháir sí ar feadh na seacht mblian ach trí uair. An ceud uair bhí sí ag feuchaint ar dhuine éigin ab'iarraidh cat a chur isteach sa teine. Lá ar na bháireach bhí sí ag chuimhneamh ar an gcur ar aghaidh a dhein an cat. Gháir sí arís agus dubhairt sí "a chait úd aréir, ní fhéadaim ach cuimhneamh ort."
Gháir sí an tríomhadh uair nuair chonnaic sí an brat arís. Lá éigin chuaidh sé ar an lochta ag stábháill. Chaith sé a raibh ar an lochta amach ar an úrlár ach níor chuimhnig sé ar an mbrat.
Chonnaic sise an brat. Phreab sí cuige agus do rug sí léi an doras amach é. Ar a h-imtheacht uaidh d'iompuig sí ag an ndoras agus dubhairt sí leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Curráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Curráin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí