Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 146
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá cúig ba sa bhaile ag m'athair. Purty, Black, Madam, Kerry and Daisy a tugaimí ortha. Habha, Habha, hí bó, bó a deireann m'athair nuair a bhíonn na ba á tiomáínt abhaile aige. Tá gamhna againn leis acht ní ghlaodhaimíd ortha acht sucí sucí, dearg agus sucí dubh. Cró na mbó a tugaimíd ar an tig in a mbíonn na ba irith an geimhridh. Aiteann clúduighthe le tuighe a cuirimíd mar leabaidh fés na buaibh san geimhreadh. Caitheann mo athair mórán ama san geimhreadh ag bainnt an aitinn le grafán.
    obair cruaidh is eadh a bheith ag bainnt aitinn le grafán agus ní bhíónn aon fuacht ar an duine a bhíónn á bhainnt an lá is fuaire san geimhreadh.
    Ceangluighthear ar gcuid mbó le téad láidir ceangailte timcheall ar a muineáil. Ní bhíónn na gamhna istig ins an gcró céadhna leis na buaibh; bíonn cróítín fé leith cun na gamhna

    Tá áit i bparóísta na Tuatha agus leabadh na bó a tugtar uirthe. Cros-bhóthar is eadh í agus tá plás glas í lár na croise, agus tugtar leabadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmaid Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí